Matamaiticeoir a bhí ina údarás ar Ogham

Bhí Charles Graves ina ollamh le Mata i gColáiste na Tríonóide san tréimhse 1843-1862.

Tráth dá raibh thugtaí Oileán na Naomh agus na nOllúna ar Éirinn. Tús-ré na Críostaíochta a bhí ar intinn, ar ndóigh. Ba nós leis na mainistreacha ní hamháin saol spioradálta a chruthú ach scoileanna a bhunú freisin chun na daoine a mhealladh chun an chreidimh.

Ba as na mainistreacha sin is mó a shíolraigh na lámhscríbhinní ársa a bhfuil eolas againn orthu sa lá atá inniu ann.

Ach, bhí cumas scríbhneoireachta ag na Gaeil roimh theacht na Críostaíochta, an córas a dtugtar an tOgham air.

Tá an scríbhneoireacht sin le feiceáil ar ghalláin a deineadh san cheathrú haois anuas go dtí an seachtú haois.

READ MORE

Bhí suim áirithe i gcúrsaí léinn agus stair na Gaeilge sa naoú haois déag agus ag tús na 20ú haoise agus bhí dornán beag daoine ann a raibh tionchar mór acu ar léann na Gaeilge ag an am.

Bhí Charles Graves ina ollamh le Mata i gColáiste na Tríonóide sa tréimhse 1843-1862 agus cé go raibh meas air mar ollamh mata, bhain sé cáil ar leith amach agus é ag plé le hOgham.

Sé Graves a tháinig ar mhodh chun an aibítear ársa a léamh.

Insítear scéal Graves i leabhar nua le Gearóid Ó Cearúil a foilsíodh ar na mallaibh. ‘Charles Graves agus an Athbheochan Cheilteach (Coiscéim) atá air mar theideal agus tá sé ar fáil sna siopaí leabhar Gaeilge.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.